Is mionlaigh fior bheag, 2% ó dheas agus 7% i dTuaisceart Éireann, a deir go bhfuil siad in éadan na Gaeilge, tugtar le fios sa suirbhe nua seo ó Ipsos B&A agus Coláiste na Tríonóide.
TÁ MÓRAMH AR son na Gaeilge ó thuaidh is ó dheas, de réir suirbhé nua uile oileánda a foilsíodh inniu – agus tá móramh freisin ag éileamh go ndéanfadh an Rialtas i mBaile Átha Cliath agus an Feidhmeannas Roinnte Cumhachta i mBéal Feirste níos mó chun oideachas trí mheán na Gaeilge.
De réir an tsuirbhé a choimisiúnaigh Foras na Gaeilge, an institiúid teanga tras teorainn a bunaíodh faoi scath Chomhaontú Aoine an Chéasta, dúirt 78% d’fhreagóirí ar an suirbhé i bPoblacht na hÉireann (PÉ), ardú de 11%, agus 55% den dream a fhreagair i dTuaisceart Éireann (TÉ) den teorainn go ‘dtacaíonn siad leis an Ghaeilge’, suas 10%.
Is iad an chomhlacht Ipsos/B&A i bpáirt le Coláiste na Tríonóide a stiuraigh an tsuirbhé ina raibh 1,498 freagóir páirteach, 1000 ó PÉ agus 498 ó TÉ agus is é an suirbhé is seanbhunaithe ar an oileán ar dhearcthaí an phobail ar leith na Gaeilge, le suirbhéanna á ndéanamh ó 1973 ar aghaidh ó dheas agus ó 2001 ó thuaidh agus ó dheas.
Tá an tuairisc bunaithe ar shonraí ó shuirbhé ionadaíoch ar an mórscála a rinneadh i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann i samhradh na bliana 2025 agus is é móide nó lúide 4% an iarmháil earráide.
Trath go bhfuil conspóidí pholatúla faoi chomharthaíocht dhá theangach ó thuaidh agus an mhoill ar straitéis Ghaeilge ón Fheidhmeannas, is údar spéise é go bhfuil laghdú suntasach ar an bhfreasúra don Ghaeilge i TÉ, síos ó 14% i 2013 go 7% i 2026.
San áireamh sa laghdú seo ar an gceatadán daoine atá i gcoinne na Gaeilge, thug 23% d’fhreagróirí an tsuirbhé le fios i measc an phobail Protasúnach/Aondachtach/Dílseach (PAD) go raibh siad i gcoinne na Gaeilge, síos ó 28% i 2013. Sa bhliain sin bhí 28% den bpobal PAD a léirigh freasúra don Ghaeilge.
Is neamhshuim i leith na Gaeilge an mothú a thuairiscítear bheith ag 60% de phobal PAD, suas ó 55% i 2013. Tá laghdú freisin ar an dtaoscán den daonra ó dheas atá in éadan na teanga, síos 10% go 2% idir 2013 agus 2026.
Údar imní dar le príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn an ardú ar an líon daoine óga atá gan líofacht sa teanga.
“Thug 50% de fhreagróirí ó dheas, agus iad ag meas a gcuid Gaeilge féin, le fios gur beag a gcumas nó go bhfuil siad gan chumas sa Ghaeilge, toradh atá ina ábhar imní agus atá 7% níos airde ná mar a tuairiscíodh in 2013,” dúirt sé.

Comments
Post a Comment